English / Gaeilge

Cad atá in Room 13 Inquiry?

‘Teaching and learning is an adventure filled with risk and surprise’.   (Jessica H. Davis 2017)


Julie Clarke, Oifigeach Ógánach agus Oideachais, Oifig Ealaíon Fhine Gall

 

Is é atá in Room 13 Inquiry ná tionscadal comhoibritheach um ealaín san oideachas a chabhraíonn le scoileanna i bhFine Gall fiosrú a dhéanamh chun a fháil amach an féidir stiúideo ealaíne a óstáil dá gcuid daltaí. Le linn an fhiosraithe sin tugtar deiseanna do rannpháirtithe a n-inniúlacht nó a bhféinléiriú nádúrtha, a bhfiosrú fealsúnachta agus a ndéanamh ealaíne a fheabhsú. Trí chuairteanna ar thaispeántais reatha ealaíne agus stiúideonna ealaíontóra tugtar taithí ríthábhachtach ar cheangal a dhéanamh le domhan na healaíne comhaimseartha agus spreagtar plé agus na daltaí ar ais sa stiúideo scoile. Oibríonn gach stiúideo mar ionad inar féidir le daoine smaointe, saineolas, áiseanna agus freagrachtaí a roinnt, agus ealaín a dhéanamh.

Tá an láithreán gréasáin seo déanta againn chun na gnéithe bunúsacha den obair atá ar siúl i ngach stiúideo a ghabháil agus chun eolas a roinnt le scoileanna eile a bhfuil spéis acu san fhiosrú.

Tá an chomhpháirtíocht reatha déanta suas de SN Ag Foghlaim Le Chéile Bhaile an Thirialaigh agus an t-ealaíontóir Anne Cradden, SN Scoil Bhríde do Chailíní agus an t-ealaíontóir Orla Kelly; agus Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall.

 


Room 13 Inquiry at Tyrrelstown ETNS Building this Website

Conas a tháinig sé chun cinn i bhFine Gall?

Is é atá in Room 13 ná clár seanbhunaithe cáiliúil do stiúideonna ealaíne ar cuireadh tús leis i Fort William sa RA, agus atá ar siúl anois i scoileanna ar fud an domhain. Bhí spéis againn i gcoincheap an stiúideo le roinnt ama agus fiosrach faoi conas a éireodh leis i gcleachtas. Chuaigh muid i gcomhairle le healaíontóirí agus le scoileanna áitiúla chun a dtaithí ar thionscadail traidisiúnta um ealaíontóirí cónaithe a mheas agus chun a gcuid réimsí spéise san oideachas ealaíon a aithint agus muid ag smaoineamh ar an todhchaí.

Tar éis roinnt machnaimh agus plé thug muid cuairt ar an gcéad stiúideo Room 13 i Scoil Caol, Fort William, chun féachaint cén chuma i gcleachtas atá ar stiúideo ealaíne á rith ag daltaí. Cuairt iontach a bhí ann agus ba mhór an spreagadh dúinn na páistí agus an t-ealaíontóir ar casadh orainn iad ansin. Is í an bhunscoil a óstálann a stiúideo ach tá sé neamhspleách ar gach bealach eile. Bainistíonn na daltaí é agus tá sé féin-inbhuanaithe.

Nuair a d’fhill muid ar Fhine Gall lean muid ar aghaidh leis an gcomhrá le healaíontóirí agus scoileanna.  Tar éis tréimhse de dhianphleanáil, cuireadh fáilte roimh an ealaíontóir Orla Kelly agus roimh Anne Cradden i SN Scoil Bhríde do Chailíní agus SN Ag Foghlaim le Chéile Bhaile an Thirialaigh faoi seach, agus cuireadh fáilte roimh gach páiste agus múinteoir sa scoil tosú lena bhfiosrú stiúideo ealaíne.


Room 13 Inquiry Scoil Bhríde Cailíní

Conas ar cuireadh tús le hobair sa stiúideo?

Chuaigh rang a cúig i SN Scoil Bhríde do Chailíní agus Rang a Sé i SN AFC Bhaile an Thirialaigh i mbun oibre mar na príomhcharachtair i scéal fhorbairt an stiúideo ina gcuid scoileanna. Díríodh sa phlé ar dtús ar cheisteanna lárnacha maidir le ‘stiúideo’ agus ‘timpeallacht’.

Bhreathnaigh muid le chéile ar na timpeallachtaí a mbíonn muid ag obair, ag súgradh, ag léamh agus ag cruthú iontu.

Smaoinigh muid ar na háiteanna a roinneann muid le daoine eile agus na háiteanna a mbíonn muid inár n-aonar iontu agus a mbaineann muid taitneamh as bheith inár n-aonar iontu.

Bhreathnaigh muid i dteannta a chéile ar smaoineamh an ‘stiúideo roinnte’ mar ionad um smaoineamh agus dhéanamh a dtacaíonn pobal daoine leis.


Enjoying the Studio

Céard é ról an Ealaíontóra Chónaithe?

Is é ról a ealaíontóra ná treoir a thabhairt don fhiosrú agus iad á stiúradh ag na páistí agus creatlach a chur ar fáil dá bhfiosracht chruthaitheach. Tá an stiúideo ann dóibh siúd ar mian leo leas a bhaint as agus níl iallach ar aon pháiste ná múinteoir páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí stiúideo. Tugtar spás oibre i ngach stiúideo do na healaíontóirí le haghaidh a gcleachtais phearsanta féin.


Paul Callahan, Every Fear I Swallow Makes me Smaller, 2008, Oil on canvas, 200 x 200cm, Image courtesy of the artist, Waterford Municipal Collection.

Iniúchadh Lasmuigh den Láthair

Tá cuairteanna ar thaispeántais, áiteanna spéise agus stiúideonna ealaíontóra ina ngné thábhachtach den chlár. Seo a leanas na háiteanna a bhfuil cuairt tugtha agus iniúchadh déanta ag na páistí orthu:

  • Gailearaí agus stiúideo ealaíne Draíocht
  • Gailearaí Hugh Lane agus Stiúideo Frances Bacon
  • Stiúideonna ealaíontóra, taispeántais agus bailiúchán an IMMA
  • An RHA
  • agus seó céimithe an NCAD

Leis na cuairteanna lasmuigh den láthair tugtar deis do pháistí agus mhúinteoirí taithí a fháil ar ealaín chomhaimseartha lasmuigh de thimpeallacht na scoile agus bonn eolais a chur faoina gcuid fiosrúchán agus iad ar ais sa Stiúideo. Tugtar cuireadh d’Ealaíontóirí ar Cuairt cuairt a thabhairt ar stiúideonna Room 13 Inquiry chun a gcuid saothar a thaispeáint agus plé a dhéanamh leis na rannpháirtithe.


Gnó

Tá forbairt scileanna fiontraí agus fiontraíochta na ndaltaí ina cuid thábhachtach de chlár an stiúideo. Tá freagracht as an stiúideo roinnte i measc na ndaltaí siúd a bhfuil spéis mhór acu sa bhealach a dhéantar obair riaracháin na n-ealaíon. Tagann siad ar thuiscint ar obair Oifig Ealaíon Fhine Gall agus an ról tábhachtach atá ag eagraíochtaí agus daoine aonair a thugann tacaíocht do agus a chuireann le forbairt na n-ealaíon in Éirinn. Tá an dá thionscadal stiúideo tar éis tabhairt faoi fheachtas um thiomsú airgid chun a mbuiséad ábhair a mhéadú.  Déanfar forbairt ar an ngné sin den chlár le himeacht ama.


Grianghrafadóireacht agus Físghrafadóireacht

Rinneadh an ghrianghrafadóireacht agus na píosaí scannánaíochta go léir a fheiceann tú a thaifeadadh ag daltaí, ealaíontóirí agus oideoirí a raibh ról díreach acu in Room 13 Inquiry ach má shonraítear a mhalairt. Déantar ar cheamara láimhe é, gan micreafóin agus déantar eagarthóireacht air in imovie. Tugann sé léargas lom ar an bplé ar ealaín chomhaimseartha, thaispeántais agus chleachtas stiúideo a bhíonn mar chuid den tionscadal.  Is iad na daltaí féin a roghnaíonn an grianghrafadóir agus an físghrafadóir. Leanfaidh muid ar aghaidh ag cur leis sin de réir mar a rachaidh an tionscadail i méid.


An Todhchaí

Tá an dá stiúideo atá ann fós nua agus tá forbairt orgánach ag teacht orthu. Is é taithí na seachtaine roimhe a bhíonn mar bhonn eolais don obair gach seachtain agus cé go raibh na pointí tosaithe cosúil lena chéile sa dá stiúideo, tá difríocht ann anois idir na stiúideonna aonair maidir leis an gcaoi a mbaintear úsáid astu agus a ndéantar bainistíocht orthu. Tá muid ag tnúth go mór leis an todhchaí.